Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 28:5-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. mar aon le habhlann de dheachú éafá de phlúr mín measctha le ceathrú hín den ola is fíre.

6. Sin í an íobairt uileloiscthe shíoraí a bunaíodh ar Shliabh Shíonái, mar chumhracht thaitneamhach, mar íobairt dhóite don Tiarna.

7. Mar íobairt dí ag gabhail leis, bíodh ceathrú hín an t‑uan; ní foláir an íobairt dí de dheoch chrua don Tiarna a dhoirteadh sa sanctóir.

8. Ní foláir duit an dara huan a ofráil mar íobairt uileloiscthe um eadra nóna; déan dála na maidine maidir le habhlann agus le híobairt dí léi seo, íobairt dhóite, cumhracht thaitneamhach leis an Tiarna.

9. Ar an tsabóid ní foláir duit dhá uan bhliana gan mháchail a ofráil, agus dhá dheachú éafá de phlúr mín measctha le hola mar abhlann, mar aon leis an íobairt dí a ghabhann leo.

10. Tá íobairt uileloiscthe na sabóide le hofráil gach sabóid mar aon leis an íobairt uileloiscthe shíoraí agus an íobairt dí a ghabhann léi.

11. I dtús gach míosa de bhur gcuid, ní foláir daoibh íobairt uileloiscthe a ofráil don Tiarna: dhá tharbh óga, reithe agus seacht n‑uan bliana gan mháchail.

12. Le gach tarbh bíodh abhlann de thrí dheachú éafá de phlúr mín measctha le hola; le gach reithe, abhlann de dhá dheachú de phlúr mín measctha le hola;

13. le gach uan, abhlann de dheachú de phlúr mín measctha le hola. Íobairt uileloiscthe í seo, cumhracht thaitneamhach agus íobairt dhóite don Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 28