Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 28:13-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. le gach uan, abhlann de dheachú de phlúr mín measctha le hola. Íobairt uileloiscthe í seo, cumhracht thaitneamhach agus íobairt dhóite don Tiarna.

14. Sé a bheidh san íobairt dí a ghabhann léi: leath hín fíona do tharbh, trian hín do reithe, ceathrú hín d'uan. Ní foláir íobairt dhóite mar sin a bheith gach mí ar mhí ar feadh míonna na bliana.

15. Chomh maith leis an íobairt uileloiscthe shíoraí, ní foláir pocán gabhair a ofráil don Tiarna, mar íobairt pheaca, agus a íobairt dí a ghabháil leis.

16. An ceathrú lá déag den chéad mhí Cáisc an Tiarna,

17. agus is lá féile an cúigiú lá déag den mhí seo; itear arán slim ar feadh seacht lá.

18. Ar an gcéad lá bíodh tionól sollúnta, agus ná déanaigí aon obair throm,

19. ach ofrálaigí íobairt dhóite mar uileloscadh don Tiarna: dhá tharbh óga, reithe agus seacht n‑uan fireann bliana gan mháchail.

20. Mar abhlann de phlúr mín measctha le hola, gabhadh leo trí dheachú éafá don tarbh, dhá dheachú don reithe,

21. agus deachú an ceann don seacht n‑uan.

22. Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca, chun gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar bhur son.

23. Ní foláir an meid sin a dhéanamh de bhreis ar íobairt uileloiscthe na maidine, rud is íobairt uileloiscthe shíoraí.

24. Ní foláir daoibh íobairt a dhéanamh mar sin gach lá ar feadh na seacht lá; is bia í, íobairt dhóite, agus cumhracht thaitneamhach leis an Tiarna. Tá sí le hofráil de bhreis ar an íobairt uileloiscthe agus ar an íobairt dí a ghabhann léi.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 28