Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 28:11-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. I dtús gach míosa de bhur gcuid, ní foláir daoibh íobairt uileloiscthe a ofráil don Tiarna: dhá tharbh óga, reithe agus seacht n‑uan bliana gan mháchail.

12. Le gach tarbh bíodh abhlann de thrí dheachú éafá de phlúr mín measctha le hola; le gach reithe, abhlann de dhá dheachú de phlúr mín measctha le hola;

13. le gach uan, abhlann de dheachú de phlúr mín measctha le hola. Íobairt uileloiscthe í seo, cumhracht thaitneamhach agus íobairt dhóite don Tiarna.

14. Sé a bheidh san íobairt dí a ghabhann léi: leath hín fíona do tharbh, trian hín do reithe, ceathrú hín d'uan. Ní foláir íobairt dhóite mar sin a bheith gach mí ar mhí ar feadh míonna na bliana.

15. Chomh maith leis an íobairt uileloiscthe shíoraí, ní foláir pocán gabhair a ofráil don Tiarna, mar íobairt pheaca, agus a íobairt dí a ghabháil leis.

16. An ceathrú lá déag den chéad mhí Cáisc an Tiarna,

17. agus is lá féile an cúigiú lá déag den mhí seo; itear arán slim ar feadh seacht lá.

18. Ar an gcéad lá bíodh tionól sollúnta, agus ná déanaigí aon obair throm,

19. ach ofrálaigí íobairt dhóite mar uileloscadh don Tiarna: dhá tharbh óga, reithe agus seacht n‑uan fireann bliana gan mháchail.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 28