59. Ba é Ióceibid iníon Léiví, a rugadh dó san Éigipt, ainm bhean Amrám; agus rug sí d'Amrám Árón agus Maois agus Miriám a ndeirfiúr.
60. Ba é Árón athair Nádáb agus Aibíchiú, Eileázár, agus Íteámár.
61. Cailleadh Nádáb agus Aibíchiú nuair a d'ofráladar tine mhídhleathach i láthair an Tiarna.
62. Cláraíodh trí mhíle fichead fireannach ar fad d'aois mí nó breis; níor áiríodh iad le clann Iosrael mar nach bhfuaireadar oidhreacht i measc chlann Iosrael.
63. Sin iad na fir a ríomhaigh Maois agus Eileázár an sagart a rinne an daonáireamh seo ar chlann Iosrael ar mhachairí Mhóáb láimh leis an Iordáin sall ó Ireachó.
64. Ní raibh orthu fear díobh siúd a chláraigh Maois agus Árón sagart, nuair d'áiríodar clann Iosrael i bhfásach Shíonái.
65. Óir dúirt an Tiarna ina dtaobh-san: “Geobhaidh siad bás san fhásach.” Níor fágadh fear díobh seachas Cálaeb mac Iafuna, agus Iósua mac Nún.