51. Deichniúr ar fhichid, ar sheacht gcéad, ar mhíle, ar shé chéad míle, líon iomlán chlann Iosrael.
52. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt leis:
53. “Tá an talamh le roinnt mar oidhreacht orthu seo de réir líon na ndaoine cláraithe.
54. Do threabhchas líonmhar, tabhair oidhreacht mhór; do threabhchas beag, oidhreacht bheag; bíodh an oidhreacht a thabharfar do gach treibh de réir a líon cláraithe.
55. Ní foláir roinnt na talún a dhéanamh áfach ar cranna; faigheadh gach duine a oidhreacht de réir líon na n‑ainmneacha i dtreibheanna na bpatrarc.
56. Tá oidhreacht na dtreibheanna le roinnt ar cranna, gach dream le cuid a fháil de réir a lín - beag, nó mór.”
57. Seo iad de réir fine na Léivítigh a claraíodh: do Ghéirseon, fine Ghéirseon; do Chohát, fine Chohát; do Mharáraí, fine Mharáraí.
58. Seo iad sleachta na Léivíteach; sliocht Libní, sliocht Haebrón, sliocht Mhailí, sliocht Mhúisí, sliocht Chorach. Ba é Cohát athair Amrám.
59. Ba é Ióceibid iníon Léiví, a rugadh dó san Éigipt, ainm bhean Amrám; agus rug sí d'Amrám Árón agus Maois agus Miriám a ndeirfiúr.
60. Ba é Árón athair Nádáb agus Aibíchiú, Eileázár, agus Íteámár.
61. Cailleadh Nádáb agus Aibíchiú nuair a d'ofráladar tine mhídhleathach i láthair an Tiarna.
62. Cláraíodh trí mhíle fichead fireannach ar fad d'aois mí nó breis; níor áiríodh iad le clann Iosrael mar nach bhfuaireadar oidhreacht i measc chlann Iosrael.