5. Reúbaen céadghin Iosrael: clann Reúbaen: do Hanóc, sliocht Hanóc; do Phalú, sliocht Phalú;
6. do Haezron, sliocht Haezron; do Chairmi, sliocht Chairmi.
7. Sin iad sleachta Reúbaen. Daichead trí mhíle seacht gcéad agus a tríocha fear a líon.
8. Clann Phalú: Eilíáb.
9. Clann Eilíáb: Namúael, agus Dátán agus Aibíorám. An bheirt seo Dátán agus Aibíorám, daoine ar a raibh meas ag an bpobal, is iad a thug dúshlán Mhaois agus Árón; bhaineadar le lucht leanúna Chorach a thug dúshlán an Tiarna.
10. D'oscail an talamh a chraos agus shlog sé iad - díthíodh Corach agus a lucht leanúna nuair a d'alp an tine dhá chéad go leith fear. Ba rabhadh iad.
11. Níor scriosadh ámh clann Chorach.
12. Clann Shímeon de réir sleachta: do Namúael, sliocht Namúael; do Iáimín, sliocht Iáimín; do Iáicín, sliocht Iáicín.
13. Do Zearach, sliocht Zearach; do Sheáúl, sliocht Sheáúl.
14. Sin iad sleachta Shímeon. Dhá mhíle fichead agus dá chéad fear a líon.
15. Clann Ghád de réir sleachta: do Zifeón, sliocht Zifeón; do Haigí, sliocht Haigí; do Shiúiní, sliocht Shiúiní;
16. do Oznaí, sliocht Oznaí; do Éirí, sliocht Éirí;
17. do Aród, sliocht Aród; do Aíréilí, sliocht Aíréilí.
18. Sin iad sleachta chlann Ghád. Daichead míle cúig céad fear a líon.
19. Clann Iúdá: Éar agus Ónán: cailleadh Éar agus Ónán i dtír Chanán.
20. Clann Iúdá de réir sleachta; do Shéalá, sliocht Shéalá; do Bhearna, sliocht Bhearnan; do Zearach, sliocht Zearach.
21. Seo iad clann Bhearnan: do Heazron, sliocht Heazron; do Hámúl, sliocht Hámúl.