Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 26:45-62 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

45. Do chlann Bheiríá: do Héibir, sliocht Héibir; do Mhailcíéil, sliocht Mhailcíéil.

46. Séarach a ba ainm d'iníon Áiséar.

47. Sin iad sleachta Áiséar. Caoga trí mhíle ceithre chéad fear a líon.

48. Clann Naftáilí de réir sleachta: do Iachzael, sliocht Iachzael; do Ghúiní, sliocht Ghúiní.

49. Do Iéizir, sliocht Iéizir; do Shiléim, sliocht Shiléim.

50. Sin iad sleachta Naftáilí, de réir sleachta. Daichead cúig mhíle cúig céad fear líon chlann Naftáilí.

51. Deichniúr ar fhichid, ar sheacht gcéad, ar mhíle, ar shé chéad míle, líon iomlán chlann Iosrael.

52. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt leis:

53. “Tá an talamh le roinnt mar oidhreacht orthu seo de réir líon na ndaoine cláraithe.

54. Do threabhchas líonmhar, tabhair oidhreacht mhór; do threabhchas beag, oidhreacht bheag; bíodh an oidhreacht a thabharfar do gach treibh de réir a líon cláraithe.

55. Ní foláir roinnt na talún a dhéanamh áfach ar cranna; faigheadh gach duine a oidhreacht de réir líon na n‑ainmneacha i dtreibheanna na bpatrarc.

56. Tá oidhreacht na dtreibheanna le roinnt ar cranna, gach dream le cuid a fháil de réir a lín - beag, nó mór.”

57. Seo iad de réir fine na Léivítigh a claraíodh: do Ghéirseon, fine Ghéirseon; do Chohát, fine Chohát; do Mharáraí, fine Mharáraí.

58. Seo iad sleachta na Léivíteach; sliocht Libní, sliocht Haebrón, sliocht Mhailí, sliocht Mhúisí, sliocht Chorach. Ba é Cohát athair Amrám.

59. Ba é Ióceibid iníon Léiví, a rugadh dó san Éigipt, ainm bhean Amrám; agus rug sí d'Amrám Árón agus Maois agus Miriám a ndeirfiúr.

60. Ba é Árón athair Nádáb agus Aibíchiú, Eileázár, agus Íteámár.

61. Cailleadh Nádáb agus Aibíchiú nuair a d'ofráladar tine mhídhleathach i láthair an Tiarna.

62. Cláraíodh trí mhíle fichead fireannach ar fad d'aois mí nó breis; níor áiríodh iad le clann Iosrael mar nach bhfuaireadar oidhreacht i measc chlann Iosrael.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 26