Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 23:13-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Dúirt Bálác leis: “Tar liom go láthair eile óna bhféadfaidh tú iad a fheiceáil. Níl radharc agat ón áit seo ach ar imeall an tslua seo, níl radharc agat orthu go léir. Cuir mallacht orthu ón áit sin thall.”

14. Thug sé leis é go Gort na Spiairí i dtreo mhullach Phisceá. Thóg sé seacht n‑altóirí ansiúd agus d'ofráil sé tarbh agus reithe ar gach altóir.

15. Duirt Balám le Bálác: “Seas taobh le d'íobairt uileloiscthe; buailfear liomsa anseo thall.”

16. Tháinig Dia i gcoinne Bhalám agus chuir focal ina bhéal agus dúirt leis: “Ar ais leat go Bálác agus sin é a déarfaidh tú leis.”

17. Chuaigh Balám ar ais chuige agus b'shiúd é ansiúd é ina sheasamh ag a íobairt uileloiscthe agus taoisigh Mhóáb go léir ina thimpeall. Chuir Bálác ceist air: “Cad dúirt an Tiarna?”

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 23