Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 22:3-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Agus tháinig scéin ar Mhóáb roimh an bpobal seo ar a líonmhaire; bhí eagla ar Mhóáb roimh chlann Iosrael.

4. Dúirt sé le seanóirí Mhidián: “Seo an mathshlua seo ag crinneadh gach ní inár dtimpeall mar a chrinnfeadh damh féar na mbánta.” Ba é Bálác mac Zipeor rí Mhóáb an t‑am sin.

5. Sheol sé teachtairí ag gairm Balám mac Bheór, i bPatór ar an Abhainn, i dtír chlann Amau, á rá: “Féach tá an dream seo tagtha as an Éigipt agus tá lámh tugtha acu thar chlár na talún; tá curtha fúthu acu ar mo thairseach.

6. Tar, le do thoil, agus cuir mallacht ar an dream seo dom, mar tá siad róthréan dom. Ansin b'fhéidir go bhféadfainn an lámh in uachtar a fháil orthu agus iad a thiomáint as an tír. Óir is maith is eol dom gur beannaithe an té ar a gcuireann tú do bheannacht, agus gur mallaithe an té ar a gcuireann tú do mhallacht.”

7. Chuir seanóirí Mhóáb agus seanoirí Mhidián chun siúil agus na sintiúis don asarlaíocht acu, agus thángadar go Balám agus thug dó teachtaireacht Bhálác.

8. “Fanaigí anseo thar oíche,” ar sé leo, “agus tabharfaidh mé freagra ar ais chugaibh de réir mar a déarfaidh an Tiarna liom.” D'fhan prionsaí Mhóáb le Balám.

9. Tháinig Dia go Balám agus dúirt: “Cé hiad na fir seo ag fanúint farat?”

10. D'fhreagair Balám Dia: “Bálác mac Zipeor rí Mhóáb, chuir sé an teachtaireacht seo chugam:

11. ‘Féach tá an dream seo tagtha as an Éigipt agus tá lámh tugtha acu thar chlár na talún. Tar agus cuir do mhallacht orthu dom; ansin b'fhéidir go bhféadfainn cath a chur orthu agus iad a thiomáint amach.’ ”

12. Dúirt Dia le Balám: “Ná téigh leo. Na cuir mallacht ar an muintir seo óir tá siad beannaithe.”

13. D'éirigh Balám lá arna mhárach agus dúirt leis na taoisigh a chuir Bálác chuige: “Téigí ar ais go dtí bhur dtír féin óir ní ligfeadh an Tiarna dom dul libh.”

14. D'éirigh taoisigh Mhóáb dá bhrí sin agus d'fhilleadar go Bálác agus dúradar: “Ní toil le Balám teacht linn.”

15. Sheol Bálác a thuilleadh prionsaí, níos líonmhaire agus níos céimiúla ná an chéad dream.

16. Thángadar go Balám agus dúradar leis: “Seo teachtaireacht ó Bhálác mac Zipeor: ‘Ná diúltaigh, impím ort, teacht chugam.

17. Caithfidh mé onóracha leat agus déanfaidh mé cibé rud a déarfaidh tú liom. Tar agus cuir mallacht ar an muintir seo dom.’ ”

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 22