Tar, le do thoil, agus cuir mallacht ar an dream seo dom, mar tá siad róthréan dom. Ansin b'fhéidir go bhféadfainn an lámh in uachtar a fháil orthu agus iad a thiomáint as an tír. Óir is maith is eol dom gur beannaithe an té ar a gcuireann tú do bheannacht, agus gur mallaithe an té ar a gcuireann tú do mhallacht.”