Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 21:16-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Is faoin tobar ansiúd a dúirt an Tiarna le Maois: “Cruinnigh an pobal le chéile agus tabharfaidh mé uisce dóibh.”

17. Ansin is ea a chan Iosrael an laoi:“Sceith, a thobar!Canaigí dó!

18. Na prionsaí a thochail,agus ceannairí an phobail a bhain,lena slat agus lena mbataí:”...agus ón bhfásach go Matáná.

19. Agus ó Mhatáná go Nachailíéil, agus ó Nachailíéil go Bámót,

20. agus ó Bhámót go dtí an gleann a shíneann go críocha Mhóáb i dtreo mullach Phisceá atá ar imeall an fhásaigh.

21. Ansin chuir Iosrael teachtairí go Síochon rí na nAmórach, á rá:

22. “Lig dom gabháil trí do chríocha; ní rachaimid ar seachrán trí ghort ná trí fhíonghort, ná ní ólfaimid uisce as tobar. Tabharfaimid bóthar an rí orainn féin go dtí go mbeimid imithe thar do theorainneacha.”

23. Ach ní ligfeadh Síochon d'Iosrael gabháil trína chríocha. Thionóil sé a chuid fear ar fad agus amach leis san fhásach in aghaidh Iosrael agus tháinig go Iáhaz, agus chuir cath ar Iosrael.

24. Chuir Iosrael chun báis é de ghion claímh agus ghabh seilbh ar a chuid tailte ón Arnón go dtí an Iaboc, chomh fada le clann Amón, óir ba gharbh í teorainn chlann Amón.

25. Ghabh Iosrael na cathracha seo go léir agus chuir Iosrael fúthu i gcathracha uile na nAmórach, i Heisbeon agus in gach baile dá chuid.

26. Ba é Heisbeon príomhchathair Shíochon rí na nAmórach, an té a chuir cogadh ar chéad rí Mhóáb, agus a bhain a chríocha uile de chomh fada ó bhaile leis an Arnón.

27. Uime sin canann baird:“[Misneach, a Heisbeon!Tusa atá dea-thógtha ar bhonn daingean!]A chathair Shíochon!

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 21