Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 21:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Rí Arád, an Canánach a bhí ag cur faoi sa Neigib, chuala sé go raibh Iosrael ag teacht trí bhealach Atáraím. D'ionsaigh sé Iosrael agus ghabh sé roinnt priosúnach.

2. Ansin mhóidigh Iosrael an mhóid seo don Tiarna: “Má thugann tú an mhuintir seo ar láimh dom, cuirfidh mé a gcathracha go léir faoi bhang.”

3. D'éist an Tiarna le guth Iosrael agus thug na Canánaigh ar láimh dóibh; chuireadar faoi bhang iad, iad féin agus a gcathracha. Tugadh Hormá (Bang) ar an áit seo.

4. D'fhágadar Sliabh Hor ar feadh bhealach Mhuir Shúf, ag gabháil timpeall chríocha Eadóm. Bhris ar an bhfoighne ag an bpobal ar an tslí.

5. Labhraíodar in aghaidh Dé agus in aghaidh Mhaois: “Cad ab áil libh dár dtabhairt amach as an Éigipt chun bás a fháil san fhásach? Óir tá an áit seo gan arán, gan uisce, agus is gráin linn an bia gan mhaith seo.”

6. Ansin sheol Dia nathracha tintí i measc an phobail, agus chuireadar a gcealg sa phobal, agus fuair a lán in Iosrael bás.

7. Tháinig an pobal go Maois agus dúradar: “Pheacaíomar lenár gcaint in aghaidh an Tiarna agus i d'aghaidhse. Guigh chun an Tiarna á iarraidh air na nathracha a thógáil dínn.” Ghuigh Maois ar son an phobail.

8. Dúirt an Tiarna le Maois: “Déan nathair thintí agus cuir ar chuaille í, agus gach duine ina gcuirfear cealg, nuair a fhéachfaidh sé uirthi, mairfidh sé.”

9. Dhealbhaigh Maois nathair chré-umha dá bhrí sin agus chuir ar chuaille í, agus nuair a chuireadh nathair cealg i nduine, d'fhéachadh sé ar an nathair chré-umha agus mhaireadh.

10. Chuir clann Iosrael chun bealaigh agus shuíodar a gcampa in Obot.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 21