Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 19:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt:

2. “Seo reacht den dlí a d'aithin an Tiarna. Inis é seo do chlann Iosrael: ní foláir dóibh bó dhearg, gan locht gan mháchail, nár iompair riamh an chuing, a thabhairt chugat.

3. Tugaigí d'Eileázár an sagart í, agus tugtar lasmuigh den champa í le marú ina láthair.

4. Tógadh Eileázár an sagart cuid dá fuil ar a mhéar agus croitheadh sé an fhuil seo seacht n‑uaire i dtreo dhoras Bhoth na Teagmhála.

5. Loisctear an bhó ansin ina láthair, idir sheithe agus fheoil, agus fhuil, sea agus otrach chomh maith.

6. Ansin faigheadh an sagart adhmad céadrais, íosóip, agus ábhar craorag agus caitheadh sé iad ar lasair na bó á loscadh.

7. Ansin níodh an sagart a éide agus déanadh sé a chorp a ionladh in uisce; ní miste dó filleadh ar an gcampa ina dhiaidh sin, ach bíodh sé neamhghlan go nóin.

8. An té a loisc an bhó, ní mór dó a éide a ní agus a chorp a ionladh in uisce, agus a bheith neamhghlan go nóin.

9. Bailíodh duine atá glan luaithreach na bó, agus caitheadh sé in áit ghlan é lasmuigh den champa. Ní foláir é a choimeád i gcomhair chomhthionól chlann Iosrael le huisce na neamhghlaine a dhéanamh; is íobairt scriosta peaca í.

10. An té a bhailigh luaithreach na bó, níodh sé a éide agus bíodh sé neamhghlan go nóin. Bíodh seo ina reacht síoraí do chlann Iosrael agus don choimhthíoch ag cur faoi in bhur measc.

11. “An té a bhaineann le corpán mairbh ar bith, bíodh sé neamhghlan ar feadh seacht lá.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 19