Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 18:7-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Gabhsa agus do chlann mhac mar aon leat na dualgais sagairt a bhaineann leis an altóir agus lena bhfuil laistigh den fhial oraibh féin. Ceiliúrfaidh sibh an liotúirge; cuirim a dhualgais ar bhur sagartacht. Ach aon duine eile gan údarás a thiocfaidh i ngar, cuirfear chun báis é.”

8. Dúirt an Tiarna le hÁrón ansin: “Chuir mé féin tú i bhfeighil gach dleacht dá n‑ofráiltear dom. Gach ní a choisriceann clann Iosrael tugaim mar chuid ranna duit iad, agus do do mhaca, de réir reachta shíoraí.

9. Sé seo a bheidh agat de na nithe sárnaofa, den bhia curtha ar leith ón tine: gach ofráil a dhéanann clann Iosrael ar ais dom, cibé acu abhlann í, nó íobairt pheaca, nó íobairt leorghnímh, is rud sárnaofa í; bainfidh sí leatsa agus le de mhaca.

10. Ní miste duit na nithe sárnaofa sin a ithe, agus ní miste do gach fireannach iad a ithe; bídís naofa agat.

11. Is leat mar an gcéanna cibé ní a chuirtear i leataobh d'ofrálacha chlann Iosrael a chuirtear i láthair mar dhleacht; tugaim é sin duitse agus do do mhic agus do d'iníonacha, trí reacht síoraí. Ní cás do gach duine glan i do theach é a ithe.

12. Togha na hola, togha an fhíona agus na cruithneachta, na céadtorthaí a bhronnann siad ar an Tiarna, tugaim duit iad.

13. Céadfhómhar a n‑ithreach a thugann siad go dtí an Tiarna, bídís agatsa. Gach duine glan i do theach ní cás dó é a ithe.

14. A mbíonn faoi bhang in Iosrael, bíodh sé agat.

15. Gach céadghin de dhúile beo más fear, más ainmhí, a thabharfar chun an Tiarna, bíodh sé agatsa. Gach céadghin fir, áfach, agus gach céadghin ainmhí neamhghlain, ní foláir duit iad a fhuascailt.

16. In aois míosa a fhuasclóidh tú iad ar chostas cúig sheicil, de réir seicil an tsanctóra, fiche géará is é sin.

17. Ach céadlao bó, céaduan caorach, nó céadmheannán gabhair, ná fuascail; tá siadsan naofa. Ní foláir duit a gcuid fola a chroitheadh ar an altóir agus a saill a dhó mar ofráil dhóite, boladh cumhra a thaitneoidh leis an Tiarna.

18. Leatsa an fheoil, mar aon leis an mbrollach a cuireadh i láthair mar dhleacht ar leith, agus an cheathrú dheas.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 18