Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 18:16-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. In aois míosa a fhuasclóidh tú iad ar chostas cúig sheicil, de réir seicil an tsanctóra, fiche géará is é sin.

17. Ach céadlao bó, céaduan caorach, nó céadmheannán gabhair, ná fuascail; tá siadsan naofa. Ní foláir duit a gcuid fola a chroitheadh ar an altóir agus a saill a dhó mar ofráil dhóite, boladh cumhra a thaitneoidh leis an Tiarna.

18. Leatsa an fheoil, mar aon leis an mbrollach a cuireadh i láthair mar dhleacht ar leith, agus an cheathrú dheas.

19. Gach a gcuireann clann Iosrael de na nithe naofa i leataobh don Tiarna, tugaim duitse agus do do mhic agus do d'iníonacha de réir reachta shíoraí. Conradh salainn é seo go brách i láthair an Tiarna, duit féin agus do do shliocht i do dhiaidh.”

20. Dúirt an Tiarna le hÁrón: “Ní bheidh aon oidhreacht agat ina bhfearann, ná ní bheidh seilbh agat ar aon chuid de ina measc. Mise do chuid ranna agus d'oidhreacht i measc chlann Iosrael.

21. Thug mé, thug sin, do chlann Léiví mar oidhreacht na deachúna go léir in Iosrael ar son na seirbhíse lena ndéanann siad seirbhís i mBoth na Teagmhála.

22. Ná tagadh clann Iosrael i ngaobhar Bhoth na Teagmhála feasta; bheadh peaca ina ualach orthu agus gheobhaidís bás.

23. Le Léiví a bhaineann seirbhís Bhoth na Teagmhála, agus iompróidh na Léivítigh ualach a bpeaca. Seo reacht síoraí do bhur sliocht go léir: Ná bíodh aon oidhreacht ag na Léivítigh i measc chlann Iosrael.

24. An deachú a chuireann clann Iosrael i leataobh don Tiarna, tá sí á tabhairt agam do na Léivítigh mar oidhreacht. Uime sin a dúirt mé leo go mbeidh siad gan oidhreacht i measc chlann Iosrael.”

25. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

26. “Abair leis na Léivítigh: ‘Nuair a ghlacann sibh an deachú ó chlann Iosrael, an deachú a chaithfidh siad a dhíol libh agus atá á tabhairt agam daoibh ní foláir daoibh cuid de a chur i leataobh don Tiarna, deachú den deachú.

27. Beidh sí seo in áit na hofrála is dual uaibh, mar an t‑arbhar ón urlár buailte agus an nuafhíon ón gcantaoir.

28. Déanfaidh sibhse chomh maith dá bhrí sin roinn a ofráil don Tiarna as gach deachú a ghlacfaidh sibh ó chlann Iosrael. Tugaigí an chuid a ofrálann sibh i leataobh don Tiarna d'Árón an sagart.

29. Cuirigí an chuid is dual de gach tabhartas a gheobhaidh sibh i leataobh don Tiarna. Cuirigí an chuid naofa i leataobh ó thogha na nithe seo go léir.’

30. Abair leo: ‘Nuair a bhíonn an togha curtha i leataobh, bíodh na tabhartais seo go léir (i gcás na Léivíteach) in áit toradh an urláir bhuailte agus an chantaoir fíona.

31. Ní cás daoibh iad a ithe in aon áit, sibh féin agus bhur muintir; sé seo bhur luach saothair ar son bhur seirbhíse i mBoth na Teagmhála.

32. Ní bheidh ualach aon pheaca oraibh dá bharr seo, a luaithe a bhíonn an chuid is fearr ofrálta agaibh; ní mó ná sin a bheidh na nithe a choisric clann Iosrael á dtruailliú agaibh, agus ní bhfaighidh sibh bás.’ ”

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 18