Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 12:2-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Dúradar: “An trí Mhaois amháin a labhair an Tiarna? Nár labhair sé trínne chomh maith?” Chuala an Tiarna é sin.

3. Anois bhí Maois sárumhal, bhí sé ar an duine ba umhla ar talamh.

4. Labhair an Tiarna de gheit le Maois le hÁrón agus le Miriám: “Tagadh an triúr agaibh amach,” ar sé, “go Both na Teagmhála.” Chuadar a dtriúr,

5. agus thuirling an Tiarna ina cholún néil agus sheas ag doras na Botha. Ghlaoigh sé ar Árón agus ar Mhiriám agus tháinig siad chun tosaigh.

6. Dúirt an Tiarna: “Éistigí anois le mo bhriathra:Más fáidh aon duine in bhur measc,Cuirim mé féin in aithne dó i bhfis;Labhraím leis in aisling.

7. Ach ní amhlaidh le Maois mo shearbhónta;Mo theach is baile dó;

8. Labhraím leis béal ar bhéal,Go soiléir gan tomhaiseanna,Agus feiceann sé cló an Tiarna.“Conas, más ea, go bhfuil sé de dhánaíocht ionaibh, monabhar a dhéanamh in aghaidh mo shearbhónta Maois?”

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 12