Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 8:18-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Ansin d'ordaigh sé dá sheirbhísigh an uaigh a líonadh roimh bhreacadh an lae.

19. Dúirt sé lena bhean chéile ansin a lán builíní aráin a dhéanamh; d'imigh sé féin amach go dtí a thréad agus thug sé leis as dhá dhamh agus ceithre reithe agus d'ordaigh sé dá sheirbhísigh iad a mharú; tosaíodh ansin ar gach rud a ullmhú le haghaidh na bainise.

20. Ghlaoigh sé ar Thóibias ansin agus dúirt sé leis: “Ní bhogfaidh tú ón áit seo go ceann ceithre lá dhéag ach fanfaidh tú anseo i mo chuideachta ag ithe agus ag ól; agus cuirfidh tú áthas ar chroí cráite m'iníne.

21. Tóg leat láithreach leath amháin dá bhfuil agam agus tú ag dul abhaile chun d'athar go slán sábháilte; beidh an leath eile agaibh nuair a gheobhaidh mé féin agus mo bhean chéile bás. Bíodh misneach agat, a mhic! Is mise d'athair agus is í Eadna do mháthair; táimid chomh gaolmhar leatsa agus atáimid le do bhean chéile ionúin, anois agus choíche. Mar sin de, a mhic, bíodh misneach agat!”

Léigh chaibidil críochnaithe Tóibít 8