Tóg leat láithreach leath amháin dá bhfuil agam agus tú ag dul abhaile chun d'athar go slán sábháilte; beidh an leath eile agaibh nuair a gheobhaidh mé féin agus mo bhean chéile bás. Bíodh misneach agat, a mhic! Is mise d'athair agus is í Eadna do mháthair; táimid chomh gaolmhar leatsa agus atáimid le do bhean chéile ionúin, anois agus choíche. Mar sin de, a mhic, bíodh misneach agat!”