14. Amach léi láithreach agus d'inis sí dóibh go raibh Tóibias beo agus nach ndearnadh aon dochar ar bith dó.
15. Thosaigh siad, mar sin, ar Dhia na bhflaitheas a mholadh mar a leanas:“Moladh go deo leat, a Dhia,le gach moladh dá ghlaine!Go moltar thú trí shaol na saol!
16. Moladh go deo leat, a Dhia,mar chuir tú áthas ormsaagus níor tharla an tubaistea raibh eagla orm roimpi;óir chaith tú linnde réir do mhórthrócaire.
17. Moladh go deo leat, a Dhia,mar bhí trua agat don bheirt aonghin seo.Déan trócaire orthu, a Thiarna,agus slánaigh iad.Tabhair dóibh a mbeatha a chaitheamhgo háthasach grámhar go deireadh a saoil.”
18. Ansin d'ordaigh sé dá sheirbhísigh an uaigh a líonadh roimh bhreacadh an lae.
19. Dúirt sé lena bhean chéile ansin a lán builíní aráin a dhéanamh; d'imigh sé féin amach go dtí a thréad agus thug sé leis as dhá dhamh agus ceithre reithe agus d'ordaigh sé dá sheirbhísigh iad a mharú; tosaíodh ansin ar gach rud a ullmhú le haghaidh na bainise.
20. Ghlaoigh sé ar Thóibias ansin agus dúirt sé leis: “Ní bhogfaidh tú ón áit seo go ceann ceithre lá dhéag ach fanfaidh tú anseo i mo chuideachta ag ithe agus ag ól; agus cuirfidh tú áthas ar chroí cráite m'iníne.
21. Tóg leat láithreach leath amháin dá bhfuil agam agus tú ag dul abhaile chun d'athar go slán sábháilte; beidh an leath eile agaibh nuair a gheobhaidh mé féin agus mo bhean chéile bás. Bíodh misneach agat, a mhic! Is mise d'athair agus is í Eadna do mháthair; táimid chomh gaolmhar leatsa agus atáimid le do bhean chéile ionúin, anois agus choíche. Mar sin de, a mhic, bíodh misneach agat!”