Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 6:3-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Nuair a chuaigh an buachaill síos chun a chosa a ní san abhainn, léim iasc mór aníos as an uisce agus d'fhéach sé le cos an ógánaigh a shlogadh. Lig seisean scread as le neart uafáis

4. ach dúirt an t‑aingeal leis: “Beir ar an iasc agus ná lig dó éalú!” Rug an t‑ógánach greim daingean air agus tharraing sé aníos ar an mbruach é.

5. “Scoilt é,” arsa an t‑aingeal leis, “agus gearr an domlas agus an croí agus an t‑ae amach as. Cuir iadsan i leataobh duit féin ach caith uait na hinní; mar is amhlaidh atá leigheas sa domlas agus sa chroí agus san ae.”

6. Mar sin de, tar éis dó an t‑iasc a scoilteadh, chuir Tóibias an domlas agus an croí agus an t‑ae i leataobh le chéile. Ansin rinne sé cuid den iasc a ghríoscadh agus a ithe; shaill sé an chuid eile de agus choimeád sé é don turas. Lean siad leo ar aghaidh ansin le chéile nó gur tháinig siad cóngarach don Mhéide.

7. Ansin chuir an t‑ógánach an cheist seo ar an aingeal: “A Azairias, a bhráthair liom, cad é an leigheas atá sa domlas agus sa chroí agus san ae?”

8. Dúirt an t‑aingeal leis, á fhreagairt: “Má dhónn tú croí agus ae an éisc i láthair duine atá á chiapadh ag deamhan nó ag drochspiorad éigin cuirfidh an deatach deireadh leis an ngéarleanúint seo agus ní fhanfaidh deamhan nó drochspiorad ar na cóngair níos mó.

9. Maidir leis an domlas, áfach, má chuimlíonn tú é do shúile a bhfuil spotaí bána orthu ní bheidh le déanamh agat ach séideadh isteach iontu ar na spotaí bána chun iad a leigheas.”

10. Nuair a chuaigh siad isteach sa Mhéide agus go raibh siad ag druidim le hEacbatana,

11. dúirt Rafael leis an mbuachaill: “A Thóibias, a bhráthair liom.” “Is ea,” ar seisean. Dúirt an t‑aingeal leis ansin: “Caithimid cur fúinn anocht i dteach Raguéil. Gaol leatsa is ea an fear seo agus tá iníon aige darb ainm Sárá.

12. Níl aon mhac nó iníon eile aige ach í. Ós tusa is gaire gaol di, is agatsa thar aon fhear eile atá sé de cheart í a phósadh agus maoin a hathar a fháil mar oidhreacht. Is cailín stuama misniúil fíorálainn í agus tá grá as cuimse ag a hathair di.”

Léigh chaibidil críochnaithe Tóibít 6