“Scoilt é,” arsa an t‑aingeal leis, “agus gearr an domlas agus an croí agus an t‑ae amach as. Cuir iadsan i leataobh duit féin ach caith uait na hinní; mar is amhlaidh atá leigheas sa domlas agus sa chroí agus san ae.”