Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 6:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Stad sí den ghol ansin.

2. D'fhág an buachaill agus an t‑aingeal an teach le chéile agus tháinig an gadhar amach leo agus chuaigh sé ina dteannta. Shiúil an bheirt ar aghaidh nó gur thit an oíche orthu. Rinne siad campa ansin ar bhruach na Tígrise.

3. Nuair a chuaigh an buachaill síos chun a chosa a ní san abhainn, léim iasc mór aníos as an uisce agus d'fhéach sé le cos an ógánaigh a shlogadh. Lig seisean scread as le neart uafáis

4. ach dúirt an t‑aingeal leis: “Beir ar an iasc agus ná lig dó éalú!” Rug an t‑ógánach greim daingean air agus tharraing sé aníos ar an mbruach é.

5. “Scoilt é,” arsa an t‑aingeal leis, “agus gearr an domlas agus an croí agus an t‑ae amach as. Cuir iadsan i leataobh duit féin ach caith uait na hinní; mar is amhlaidh atá leigheas sa domlas agus sa chroí agus san ae.”

6. Mar sin de, tar éis dó an t‑iasc a scoilteadh, chuir Tóibias an domlas agus an croí agus an t‑ae i leataobh le chéile. Ansin rinne sé cuid den iasc a ghríoscadh agus a ithe; shaill sé an chuid eile de agus choimeád sé é don turas. Lean siad leo ar aghaidh ansin le chéile nó gur tháinig siad cóngarach don Mhéide.

7. Ansin chuir an t‑ógánach an cheist seo ar an aingeal: “A Azairias, a bhráthair liom, cad é an leigheas atá sa domlas agus sa chroí agus san ae?”

8. Dúirt an t‑aingeal leis, á fhreagairt: “Má dhónn tú croí agus ae an éisc i láthair duine atá á chiapadh ag deamhan nó ag drochspiorad éigin cuirfidh an deatach deireadh leis an ngéarleanúint seo agus ní fhanfaidh deamhan nó drochspiorad ar na cóngair níos mó.

Léigh chaibidil críochnaithe Tóibít 6