Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 5:17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

“Go soirbhí Dia duit, a bhráthair!” arsa Tóibít. Ansin ghlaoigh sé a mhac chuige agus dúirt: “Ullmhaigh a mbeidh uait ar an turas, a mhic, agus imigh leat in éineacht le d'fhear gaoil seo. Go gcumhdaí Dia na bhflaitheas sibh ar an mbóthar agus go seola sé ar ais chugam sibh go slán folláin agus go dtionlaca a aingeal naofa sibh, a mhic, ionas go mbeidh sibh saor ó gach baol.”Roimh dó cur chun bóthair phóg Tóibias a athair agus a mháthair agus dúirt a athair leis: “Go n‑éirí do bhóthar leat.” Ach thosaigh a mháthair ag gol agus dúirt sí le Tóibít: “Cad chuige a bhfuil mo leanbh á chur chun siúil agat uainn? Nach é ár gcrann seasta é fad a mhaireann sé inár gcuideachta?

Léigh chaibidil críochnaithe Tóibít 5

Féach ar Tóibít 5:17 i gcomhthéacs