Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 5:12-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. D'fhreagair Rafael é, á rá: “Cad is gá fios mo threibhe a bheith agat?” “Is mian liom, a bhráthair,” arsa Tóibít, “eolas cruinn a fháil ar d'athair agus ar d'ainm féin.”

13. “Is mé Azairias, mac an Anainias is sine, duine de do lucht gaoil féin,” arsa Rafael.

14. Dúirt Tóibít leis ansin: “Céad míle fáilte romhat, a bhráthair! Ná bí crosta liom, a bhráthair, toisc gur mhian liom an fhírinne a fháil i dtaobh do mhuintire. Ach is amhlaidh atá gaol agatsa linn agus is de shliocht uasal macánta thú. Bhí aithne agam ar Anainias agus ar Nátán, beirt mhac an tSeimilias is sine. Théidís go Iarúsailéim in éineacht liom agus d'adhraimis Dia le chéile ann. Ní dheachaigh siad ar fán ó Dhia riamh. Daoine macánta is ea do mhuintir agus is de dhea-bhunadh thú. Is é do bheatha chugainn.”

15. Lean sé air ansin, á rá: “Tabharfaidh mé drachma in aghaidh an lae duit mar luach saothair agus an liúntas cothaithe céanna agus a bheidh ag mo mhac. Is ea, má thaistealaíonn tú le mo mhac,

16. cá bhfios nach méadóidh mé an luach saothair duit.” “Rachaidh mé leis,” arsa Rafael. “Ná bíodh aon eagla ort. Rachaimid ann agus fillfimid ar ais chugat go slán sábháilte mar ní baol dúinn na bóithre.”

17. “Go soirbhí Dia duit, a bhráthair!” arsa Tóibít. Ansin ghlaoigh sé a mhac chuige agus dúirt: “Ullmhaigh a mbeidh uait ar an turas, a mhic, agus imigh leat in éineacht le d'fhear gaoil seo. Go gcumhdaí Dia na bhflaitheas sibh ar an mbóthar agus go seola sé ar ais chugam sibh go slán folláin agus go dtionlaca a aingeal naofa sibh, a mhic, ionas go mbeidh sibh saor ó gach baol.”Roimh dó cur chun bóthair phóg Tóibias a athair agus a mháthair agus dúirt a athair leis: “Go n‑éirí do bhóthar leat.” Ach thosaigh a mháthair ag gol agus dúirt sí le Tóibít: “Cad chuige a bhfuil mo leanbh á chur chun siúil agat uainn? Nach é ár gcrann seasta é fad a mhaireann sé inár gcuideachta?

18. An ea nach bhfuil spéis agat in aon ní ach san airgead? Nach bhfuil ach dríodar ann i gcóimheas lenár mac?

19. An tslí bheatha atá tugtha dúinn ag an Tiarna, nach leor sin dúinn?”

20. “Caith na smaointe sin as do cheann, a shiúr,” arsa Tóibít léi. “Rachaidh ár mac ann agus fillfidh sé ar ais chugainn go slán sábháilte agus feicfidh do shúile cinn é an lá a thiocfaidh sé ar ais chugat i mbarr a shláinte.

21. Ná bíodh imní ná eagla dá laghad ort mar gheall orthu a shiúr. 1 Óir rachaidh aingeal maith in éieacht leis agus cuirfidh Dia rath ar a thuras agus fillfidh sé slán abhaile.”

Léigh chaibidil críochnaithe Tóibít 5