Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 4:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. An lá céanna sin chuimhnigh Tóibít ar an airgead a bhí curtha i dtaisce aige ag Gabael i Raigéis sa Mhéide

2. agus dúirt sé leis féin: “Táim díreach tar éis a iarraidh bás a fháil. Cén fáth nach nglaofainn mo mhac Tóibias chugam agus a insint dó i dtaobh an airgid seo sula bhfaighe mé bás?”

3. Ghlaoigh sé a mhac Tóibias chuige mar sin agus nuair a tháinig sé dúirt sé leis: “A mhic, nuair a gheobhaidh mé bás cuir tórramh cuí orm; tabhair urraim do do mháthair agus ná tréig í fad a bheidh sí beo; cibé ní is áil léi déan é agus ná cuir brón uirthi in aon ní ar bith.

4. Cuimhnigh, a mhic, gurb iomaí guais a ndeachaigh sí tríd ar do shonsa nuair a bhí tú ina broinn. Nuair a gheobhaidh sí bás déan í a adhlacadh taobh liom san aon uaigh amháin.”

5. “Ar feadh do shaoil go léir, a mhic, coinnigh an Tiarna os comhair d'aigne; ná déan peaca; ná bris aon cheann ar bith dá aitheanta. Fad a mhairfidh tú déan gníomhartha fónta agus ná siúil ar bhóithre na hurchóide.

6. Óir, má mhaireann tú de réir na fírinne cuirfidh Dia rath ar do shaothar dála na ndaoine uile a chaitheann a saol go fíréanta.”

7. “Tabhair deirc gan doicheall as a bhfuil agat; ná hiompaigh d'aghaidh ó aon duine bocht agus ní iompóidh Dia a aghaidh uait.

8. Déan déirc de réir d'acmhainne; má bhíonn gustal mór agat, tabhair déirc mhór as go fial; mura mbíonn agat ach beagán, tabhair níos lú ach ná staon ar fad ón déirc a dhéanamh.

9. Beidh stór maith á chur i dtaisce agat do lá an ghátair.

10. Óir saorann an déirc an duine ón mbás agus ní ligeann sí dó dul isteach sa dorchadas.

11. Na daoine go léir a thugann déirc, déanann siad ofráil atá taitneamhach leis an Té is Airde.”

Léigh chaibidil críochnaithe Tóibít 4