Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Comhairle a Athar do Thóibias

1. An lá céanna sin chuimhnigh Tóibít ar an airgead a bhí curtha i dtaisce aige ag Gabael i Raigéis sa Mhéide

2. agus dúirt sé leis féin: “Táim díreach tar éis a iarraidh bás a fháil. Cén fáth nach nglaofainn mo mhac Tóibias chugam agus a insint dó i dtaobh an airgid seo sula bhfaighe mé bás?”

3. Ghlaoigh sé a mhac Tóibias chuige mar sin agus nuair a tháinig sé dúirt sé leis: “A mhic, nuair a gheobhaidh mé bás cuir tórramh cuí orm; tabhair urraim do do mháthair agus ná tréig í fad a bheidh sí beo; cibé ní is áil léi déan é agus ná cuir brón uirthi in aon ní ar bith.

4. Cuimhnigh, a mhic, gurb iomaí guais a ndeachaigh sí tríd ar do shonsa nuair a bhí tú ina broinn. Nuair a gheobhaidh sí bás déan í a adhlacadh taobh liom san aon uaigh amháin.”

5. “Ar feadh do shaoil go léir, a mhic, coinnigh an Tiarna os comhair d'aigne; ná déan peaca; ná bris aon cheann ar bith dá aitheanta. Fad a mhairfidh tú déan gníomhartha fónta agus ná siúil ar bhóithre na hurchóide.

6. Óir, má mhaireann tú de réir na fírinne cuirfidh Dia rath ar do shaothar dála na ndaoine uile a chaitheann a saol go fíréanta.”

7. “Tabhair deirc gan doicheall as a bhfuil agat; ná hiompaigh d'aghaidh ó aon duine bocht agus ní iompóidh Dia a aghaidh uait.

8. Déan déirc de réir d'acmhainne; má bhíonn gustal mór agat, tabhair déirc mhór as go fial; mura mbíonn agat ach beagán, tabhair níos lú ach ná staon ar fad ón déirc a dhéanamh.

9. Beidh stór maith á chur i dtaisce agat do lá an ghátair.

10. Óir saorann an déirc an duine ón mbás agus ní ligeann sí dó dul isteach sa dorchadas.

11. Na daoine go léir a thugann déirc, déanann siad ofráil atá taitneamhach leis an Té is Airde.”

12. “Seachain thú féin, a mhic, ar gach saghas drúise agus thar gach ní eile déan bean chéile a thoghadh as sliocht do shinsear. Ná togh bean choimhthíoch nach de threibh d'athar í, mar is de shliocht na bhfáithe sinn. Cuimhnigh ar Naoi agus ar Abrahám, ar Íosác agus ar Iacób, ár sinsir, a bhí ann anallód; thogh siad go léir mná céile óna gcine féin. Údar beannachtaí dóibh ba ea a gclann agus gheobhaidh a sliocht seilbh na talún.

13. Dá bhrí sin, a mhic, bíodh grá agatsa chomh maith do do lucht gaoil. Ná bí chomh huaibhreach sin nach bpósfá duine ar bith de bhantracht do chine féin. Óir is é an t‑uabhar is cúis le léirscrios agus le heasordú; is ón díomhaointeas a eascraíonn an dealús agus an t‑anás; mar is é an díomhaointeas a ghineann gorta.”

14. “Ná coinnigh thar oíche tuarastal do chuid oibrithe ach íoc leo é ar an toirt. Má fhónann tú do Dhia gheobhaidh tú luach saothair. Tabhair aire duit féin, a mhic, i do ghníomhartha uile agus iompair thú féin go dea-mhúinte i gcónaí.

15. An ní is fuath leat féin ná déan ar aon duine eile é. Ná hól an oiread sin fíona a chuirfeadh ar meisce thú. Ná bíodh an mheisce do do thionlacan ar do shlí.”

16. “Tabhair arán don ocrach agus éadach don nocht; má bhíonn fuílleach agat tabhair mar dhéirc é; ach ná déan go doicheallach é.

17. Doirt do chuid fíona agus ofráil do chuid aráin ar thuamaí na bhfíréan ach ná tabhair iad do na peacaigh.”

18. “Iarr comhairle ar gach duine ciallmhar agus ná déan beag d'aon chomhairle a d'fhéadfadh a bheith tairbheach duit.

19. Mol an Tiarna Dia gach uile thráth agus iarr air treoir chinnte a thabhairt duit agus an rath a chur ar a bhfuil beartaithe agat a dhéanamh. Óir níl teacht ag aon phágánach ar bith ar dhea-chomhairle; mar is é an Tiarna amháin a thugann gach dea-thabhartas. Ardaíonn an Tiarna cibé duine is mian leis agus íslíonn sé go dtí an t‑ifreann is doimhne cibé is mian leis freisin. Mar sin de a mhic, coimeád cuimhne ar m'aitheanta agus ná glantar de do chroí iad go deo.”

20. “Is mian liom a chur in iúl duit anois, a mhic, gur fhág mé deich dtallann i dtaisce ag Gabael, mac Ghaibrí, i Raigéis sa Mhéide.

21. Ná bíodh aon imní ort mar sin, a mhic, toisc sinne a bheith go beo bocht; óir má bhíonn eagla Dé ort agus gach peaca a sheachaint agus na gníomhartha a thaitníonn le do Thiarna Dia a dhéanamh beidh tú i d'fhear saibhir fós.”