Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 2:10-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Ní raibh a fhios agam go raibh gealbháin bhinne sa bhalla os mo chionn; thit a mbualtrach te isteach i mo shúile agus tháinig spotaí bána orthu. Chuaigh mé go dtí na dochtúirí chun leigheas a fháil. Ach dá mhéad ungaidh dár chuir siad orm is ea is daille a d'éirigh mo shúile de dheasca na spotaí, nó go raibh mé dall ar fad ar deireadh thiar. Ní raibh radharc na súl agam ar feadh ceithre bliana; bhí mo ghaolta uile buartha mar gheall orm; ach thug Aichícheár aire dom ar feadh dhá bhliain nó gur imigh sé go dtí Eilíomais.

11. Lena linn sin thug mo bhean chéile Anna faoi obair mhná a dhéanamh ar thuarastal. [Shníomhadh sí olann agus d'fhíodh sí éadach;]

12. nuair a thugadh sí a mbíodh déanta aici dá fostóirí d'íocaidís a luach léi. An seachtú lá de Mhárta, áfach, bhí píosa éadaigh fite aici agus thug sí dá fostóirí é mar ba ghnách léi. D'íoc siadsan an luach iomlán léi ach lena chois sin thug siad meannán gabhair di le haghaidh béile.

13. Nuair a tháinig an meannán isteach sa teach thosaigh sé ag meigeallach. Ghlaoigh mé ar Anna ansin agus dúirt mé léi: “Cad as a tháinig an meannán sin? B'fhéidir gur goideadh é! Tabhair ar ais é do na daoine ar leo é. Ní ceart dúinn rud a goideadh a ithe.”

14. Ach dúirt sise liom: “Is amhlaidh a tugadh mar bhronntanas dom é de bhreis ar mo thuarastal.” Níor chreid mé í agus dúirt mé léi arís é a thabhairt ar ais do na daoine ar leo é agus las mé le náire ina láthair dá dheasca. Dúirt sí liom ansin: “Cá bhfuil do chuid déirce anois? Cá bhfuil do dhea-ghníomhartha? Féach, is eol do chách anois cén saghas thú!”

Léigh chaibidil críochnaithe Tóibít 2