Ach dúirt sise liom: “Is amhlaidh a tugadh mar bhronntanas dom é de bhreis ar mo thuarastal.” Níor chreid mé í agus dúirt mé léi arís é a thabhairt ar ais do na daoine ar leo é agus las mé le náire ina láthair dá dheasca. Dúirt sí liom ansin: “Cá bhfuil do chuid déirce anois? Cá bhfuil do dhea-ghníomhartha? Féach, is eol do chách anois cén saghas thú!”