Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 14:8-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. “Anois, a chlann liom, ordaím daoibh Dia a riaradh go dílis agus gach ní is taitneamhach leis a dhéanamh agus bhur gclann a oiliúint chun an t‑ionracas a chleachtadh agus déirc a thabhairt agus cuimhne a choinneáil ar Dhia agus fíormholadh a thabhairt gan sos dá ainm naofa óna neart go hiomlán.”

9. “Maidir leatsa, a mhic, imigh as Nínivé agus ná fan anseo.

10. Chomh luath agus a beidh do mháthair adhlactha agat le mo thaobh ná caith go fiú aon oíche amháin eile laistigh dá teorainneacha. Óir, feicim go ndéantar a lán éagóra agus bearta fealltacha inti gan náire. Cuimhnigh, a mhic, ar a ndearna Nádáb ar Aichícheár, an fear macánta a thóg é. Nárbh éigean dó dul i bhfolach faoin talamh agus é fós ina shaol agus ina shláinte?Ach bhain Dia cúiteamh amach san easonóir sin dó os comhair a shúl. Is amhlaidh a tháinig Aichícheár amach arís faoi sholas an lae ach chuaigh Nádáb isteach sa dorchadas síoraí toisc go ndearna sé iarracht ar Aichícheár a mharú. Is de bhrí gur thug sé déirc domsa a d'éalaigh Aichícheár as an ngaiste a bhí curtha ag Nádáb dó. Rugadh ar Nádáb féin i ngaiste báis agus bascadh é.

11. Mar sin de, a chlann liom, féachaigí anois an dea-thoradh a bhíonn ar an déirc agus an drochthoradh a bhíonn ar an éagoir - an bás. Ach tá m'anam ar tí scaradh liom anois.” Chuir siad ar a leaba é ansin agus nuair a fuair sé bás tugadh adhlacadh cuí urramach dó.

12. Nuair a d'éag a mháthair chuir Tóibias taobh lena athair í.D'imigh sé féin agus a bhean chéile ansin chun na Méide agus chuir siad fúthu in Eacbatana i gcuideachta athair a chéile, Raguéil.

13. Thug sé urraim agus aire do thuismitheoirí a mhná céile in earr a n‑aoise agus chuir sé sa chré iad in Eacbatana na Méide. Fuair sé maoin Raguéil le hoidhreacht chomh maith le maoin a athar féin, Tóibít.

Léigh chaibidil críochnaithe Tóibít 14