Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 14:10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Chomh luath agus a beidh do mháthair adhlactha agat le mo thaobh ná caith go fiú aon oíche amháin eile laistigh dá teorainneacha. Óir, feicim go ndéantar a lán éagóra agus bearta fealltacha inti gan náire. Cuimhnigh, a mhic, ar a ndearna Nádáb ar Aichícheár, an fear macánta a thóg é. Nárbh éigean dó dul i bhfolach faoin talamh agus é fós ina shaol agus ina shláinte?Ach bhain Dia cúiteamh amach san easonóir sin dó os comhair a shúl. Is amhlaidh a tháinig Aichícheár amach arís faoi sholas an lae ach chuaigh Nádáb isteach sa dorchadas síoraí toisc go ndearna sé iarracht ar Aichícheár a mharú. Is de bhrí gur thug sé déirc domsa a d'éalaigh Aichícheár as an ngaiste a bhí curtha ag Nádáb dó. Rugadh ar Nádáb féin i ngaiste báis agus bascadh é.

Léigh chaibidil críochnaithe Tóibít 14

Féach ar Tóibít 14:10 i gcomhthéacs