Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 12:7-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Is ceart, dar ndóigh, rún rí a choimeád faoi cheilt ach is ceart chomh maith éachtaí Dé a fhógairt agus a fhoilsiú. Mar sin de ghabhaigí buíochas leis mar is cóir. Déanaigí an mhaith agus ní thiocfaidh aon olc oraibh.

8. Urnaí agus troscadh le chéile, déirc agus dea-iompar le chéile, is fearr go mór iad sin ná saibhreas cam. Is fearr déirc a thabhairt ná ór a chnuasach.

9. Saorann an déirc an duine ón mbás agus glanann sé amach an uile pheaca.

10. Na daoine a dhéanann déirc gheobhaidh siad aois mhaith; ach na daoine a dhéanann an peaca agus an t‑éigeart déanann siad a n‑aimhleas féin.”

11. “Ach inseoidh mé an fhírinne iomlán daoibh anois; ní cheilfidh mé dada oraibh. Cheana féin dúirt mé libh go soiléir gur ceart rún rí a choimeád faoi cheilt ach gur ceart leis éachtaí Dé a fhoilsiú mar ba chóir.

12. Más ea, nuair a bhí tusa agus Sárá ag guí is mise a d'ofráil bhur n‑urnaithe suas mar chuimhneachán i láthair ghlóir an Tiarna agus a léigh iad; agus ba é an scéal céanna é nuair a bhítheá ag adhlacadh na marbh.

13. Ós rud é nár leasc leat éirí agus imeacht ón mbord chun fear marbh a adhlacadh,

14. cuireadh chugat mé chun tú a thástáil agus ag an am céanna chuir Dia uaidh mé chun thú féin agus Sárá, bean chéile do mhic, a leigheas.

15. Is mise Rafael, ceann den seachtar aingeal atá ina lucht freastail ar Dhia na glóire agus a théann isteach ina láthair.”

16. Tháinig uafás ar an mbeirt acu ansin agus thit siad ar a mbéal fúthu le haonchorp eagla

17. ach dúirt Rafael leo: “Ná bíodh eagla oraibh; ní baol daoibh; bígí ag moladh Dé go deo.

18. Nuair a bhí mé in bhur gcuideachta ní de thoradh mo dhea-mhéine féin amháin a bhí mé ann ach toisc gurbh áil le Dia é. Dá bhrí sin bígí ag moladh Dé ó lá go lá agus ag canadh iomann dó.

19. Bíodh a fhios agaibh nár ith mé greim bia in bhur gcuideachta; is amhlaidh a bhí fís á fheiceáil agaibh.

20. Molaigí an Tiarna anois ar talamh agus leanaigí libh ag gabháil buíochais leis. Táimse féin ar tí dul suas go dtí an té a chuir uaidh mé. Scríobh cuntas ar na heachtraí go léir a tharla daoibh.” D'imigh sé suas uathu ansin.

21. Nuair a d'éirigh siad ina seasamh, níorbh fhéidir dóibh é a fheiceáil níos mó.

Léigh chaibidil críochnaithe Tóibít 12