Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Tuarastal Rafael

1. Nuair a bhí an bhainis thart, ghlaoigh Tóibít a mhac, Tóibias, chuige agus dúirt sé leis. “Is mithid duit, a mhic, a thuarastal a thabhairt do do chomhthaistealaí; agus cuir breis bheag éigin leis.”

2. “Cé mhéad a íocfaidh mé leis, a athair?” arsa Tóibias. “Ní dhéanfadh sé aon dochar ar bith domsa leath dár rug sé ar ais mar aon liom a thabhairt dó.

3. Tá sé tar éis mé a threorú go slán sábháilte; leigheas sé mo bhean chéile; rug sé an t‑airgead ar ais mar aon liom; leigheas sé thusa chomh maith. Cé mhéad airgid sa bhreis a thabharfaidh mé dó?”

4. Dúirt Tóibít leis ansin: “Is ceart, a mhic, leath dár thug sé ar ais leis a thabhairt dó.”

5. Mar sin de, ghlaoigh Tóibias a chomhthaistealaí chuige agus dúirt: “Tóg leat mar thuarastal leath dár thug tú ar ais leat agus go dté tú slán.”

Aitheasc Rafael

6. Ansin thóg Rafael an bheirt acu i leataobh agus dúirt sé leo: “Molaigí Dia agus gabhaigí buíochas leis i láthair na mbeo go léir as ucht na maitheasaí a bhronn sé oraibh ionas go molfaidh agus go mórfaidh cách a ainm le dánta diaga. Fógraígí don uile dhuine na héachtaí atá déanta aige agus tugaigí ómós dó agus bígí ag gabháil buíochais leis gan leisce gan leimhe.

7. Is ceart, dar ndóigh, rún rí a choimeád faoi cheilt ach is ceart chomh maith éachtaí Dé a fhógairt agus a fhoilsiú. Mar sin de ghabhaigí buíochas leis mar is cóir. Déanaigí an mhaith agus ní thiocfaidh aon olc oraibh.

8. Urnaí agus troscadh le chéile, déirc agus dea-iompar le chéile, is fearr go mór iad sin ná saibhreas cam. Is fearr déirc a thabhairt ná ór a chnuasach.

9. Saorann an déirc an duine ón mbás agus glanann sé amach an uile pheaca.

10. Na daoine a dhéanann déirc gheobhaidh siad aois mhaith; ach na daoine a dhéanann an peaca agus an t‑éigeart déanann siad a n‑aimhleas féin.”

11. “Ach inseoidh mé an fhírinne iomlán daoibh anois; ní cheilfidh mé dada oraibh. Cheana féin dúirt mé libh go soiléir gur ceart rún rí a choimeád faoi cheilt ach gur ceart leis éachtaí Dé a fhoilsiú mar ba chóir.

12. Más ea, nuair a bhí tusa agus Sárá ag guí is mise a d'ofráil bhur n‑urnaithe suas mar chuimhneachán i láthair ghlóir an Tiarna agus a léigh iad; agus ba é an scéal céanna é nuair a bhítheá ag adhlacadh na marbh.

13. Ós rud é nár leasc leat éirí agus imeacht ón mbord chun fear marbh a adhlacadh,

14. cuireadh chugat mé chun tú a thástáil agus ag an am céanna chuir Dia uaidh mé chun thú féin agus Sárá, bean chéile do mhic, a leigheas.

15. Is mise Rafael, ceann den seachtar aingeal atá ina lucht freastail ar Dhia na glóire agus a théann isteach ina láthair.”

16. Tháinig uafás ar an mbeirt acu ansin agus thit siad ar a mbéal fúthu le haonchorp eagla

17. ach dúirt Rafael leo: “Ná bíodh eagla oraibh; ní baol daoibh; bígí ag moladh Dé go deo.

18. Nuair a bhí mé in bhur gcuideachta ní de thoradh mo dhea-mhéine féin amháin a bhí mé ann ach toisc gurbh áil le Dia é. Dá bhrí sin bígí ag moladh Dé ó lá go lá agus ag canadh iomann dó.

19. Bíodh a fhios agaibh nár ith mé greim bia in bhur gcuideachta; is amhlaidh a bhí fís á fheiceáil agaibh.

20. Molaigí an Tiarna anois ar talamh agus leanaigí libh ag gabháil buíochais leis. Táimse féin ar tí dul suas go dtí an té a chuir uaidh mé. Scríobh cuntas ar na heachtraí go léir a tharla daoibh.” D'imigh sé suas uathu ansin.

21. Nuair a d'éirigh siad ina seasamh, níorbh fhéidir dóibh é a fheiceáil níos mó.

22. Ansin thosaigh siad ag moladh Dé agus ag canadh iomann dó agus ag gabháil buíochais leis i dtaobh na sáréachtaí sin a rinne sé nuair a thaispeáin a aingeal é féin dóibh.