Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 12:6-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Ansin thóg Rafael an bheirt acu i leataobh agus dúirt sé leo: “Molaigí Dia agus gabhaigí buíochas leis i láthair na mbeo go léir as ucht na maitheasaí a bhronn sé oraibh ionas go molfaidh agus go mórfaidh cách a ainm le dánta diaga. Fógraígí don uile dhuine na héachtaí atá déanta aige agus tugaigí ómós dó agus bígí ag gabháil buíochais leis gan leisce gan leimhe.

7. Is ceart, dar ndóigh, rún rí a choimeád faoi cheilt ach is ceart chomh maith éachtaí Dé a fhógairt agus a fhoilsiú. Mar sin de ghabhaigí buíochas leis mar is cóir. Déanaigí an mhaith agus ní thiocfaidh aon olc oraibh.

8. Urnaí agus troscadh le chéile, déirc agus dea-iompar le chéile, is fearr go mór iad sin ná saibhreas cam. Is fearr déirc a thabhairt ná ór a chnuasach.

9. Saorann an déirc an duine ón mbás agus glanann sé amach an uile pheaca.

10. Na daoine a dhéanann déirc gheobhaidh siad aois mhaith; ach na daoine a dhéanann an peaca agus an t‑éigeart déanann siad a n‑aimhleas féin.”

11. “Ach inseoidh mé an fhírinne iomlán daoibh anois; ní cheilfidh mé dada oraibh. Cheana féin dúirt mé libh go soiléir gur ceart rún rí a choimeád faoi cheilt ach gur ceart leis éachtaí Dé a fhoilsiú mar ba chóir.

12. Más ea, nuair a bhí tusa agus Sárá ag guí is mise a d'ofráil bhur n‑urnaithe suas mar chuimhneachán i láthair ghlóir an Tiarna agus a léigh iad; agus ba é an scéal céanna é nuair a bhítheá ag adhlacadh na marbh.

13. Ós rud é nár leasc leat éirí agus imeacht ón mbord chun fear marbh a adhlacadh,

14. cuireadh chugat mé chun tú a thástáil agus ag an am céanna chuir Dia uaidh mé chun thú féin agus Sárá, bean chéile do mhic, a leigheas.

15. Is mise Rafael, ceann den seachtar aingeal atá ina lucht freastail ar Dhia na glóire agus a théann isteach ina láthair.”

16. Tháinig uafás ar an mbeirt acu ansin agus thit siad ar a mbéal fúthu le haonchorp eagla

17. ach dúirt Rafael leo: “Ná bíodh eagla oraibh; ní baol daoibh; bígí ag moladh Dé go deo.

Léigh chaibidil críochnaithe Tóibít 12