9. “Ná déan,” arsa Tóibias leis, “ach lig dom féin dul abhaile go dtí m'athair.”
10. Thug Raguéil a bhean chéile, Sárá, suas do Thóibias ansin gan a thuilleadh moille mar aon le leath dá mhaoin uile: sclábhaithe fear agus ban, ba agus caoirigh, asail agus camaill, éadaí agus airgead agus airnéis tí.
11. Nuair a bhí sé ag cur slán leo abhaile rug sé barróg ar Thóibias agus dúirt sé leis: “Slán leat, a mhic; go n‑éirí an bóthar leat. Go gcuire Tiarna na bhflaitheas rath ort féin agus ar do bhean chéile, Sárá, agus go bhfeice mé bhur gclann sula bhfaighidh mé bás.”