Nuair a bhí sé ag cur slán leo abhaile rug sé barróg ar Thóibias agus dúirt sé leis: “Slán leat, a mhic; go n‑éirí an bóthar leat. Go gcuire Tiarna na bhflaitheas rath ort féin agus ar do bhean chéile, Sárá, agus go bhfeice mé bhur gclann sula bhfaighidh mé bás.”