Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 10:13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Dúirt Eadna ansin le Tóibias: “A leanbh liom agus a chol cheathrar dhílis, go dtuga an Tiarna slán abhaile thú agus go maire mé féin fada go leor chun clann a fheiceáil agatsa agus ag m'iníon, Sárá, le mo shúile cinn; i bhfianaise an Tiarna cuirim m'iníon faoi do chúram; ná cuirse aon bhuaireamh uirthi ar feadh do shaoil; imigh leat faoi shíocháin, a mhic; as seo amach is mise do mháthair agus is í Sárá do bhean chéile mhuirneach. Go raibh rath orainn go léir an dá lá dhéag agus an fad a mhairfimid.” Phóg sí an bheirt acu ansin agus chuir sí slán abhaile leo.

Léigh chaibidil críochnaithe Tóibít 10

Féach ar Tóibít 10:13 i gcomhthéacs