1. Idir an dá linn bhíodh Tóibít ag áireamh na laethanta a bhainfeadh sé as Tóibias chun imeacht agus teacht ar ais ina gceann agus ina gceann. Ach nuair a bhí na laethanta sin thart agus gan a mhac tagtha fós,
2. dúirt sé: “B'fhéidir gur cuireadh moill air nó go bhfuair Gabael bás agus nach bhfuil aon duine ann chun an t‑airgead a thabhairt dó.”
3. Mar sin féin tháinig buaireamh air.
4. Dúirt Anna, a bhean chéile, ansin: “Tá mo leanbh muirneach caillte; níl sé ar marthain níos mó.” Agus thosaigh sí ag caoineadh agus ag olagón mar gheall air agus dúirt sí:
5. “Ochón, a mhic mhuirnigh, a ghile mo chroí! Cén fáth ar lig mé duit imeacht uaim?”
6. Deireadh Tóibít léi, áfach: “Éist, a bhean chóir; ná bíodh aon imní ort; tá sé slán sábháilte; ní foláir nó tá siad gafa ag gnó éigin ann; ina theanntasan is iontaofa an fear a chuaigh in éineacht leis; duine dár muintir féin is ea é; ná bíodh aon bhuaireamh ort ina thaobh, a bhean chóir; beidh sé i láthair anseo gan mhoill.”