Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 10:7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

“Bí i do thost,” a deireadh sise leis. “Ná bí ag iarraidh dallamullóg a chur orm. Tá mo leanbh muirneach caillte.” Agus théadh sí amach gach lá chun an bóthar a bhí gafa ag a mac a fhaire agus ní thugadh sí cluas d'aon duine. Le fuineadh na gréine théadh sí isteach arís agus chaitheadh sí an oíche go léir ag caoineadh agus ag olagón sa chaoi nach gcodlaíodh sí néal.Nuair a bhí deireadh le ceithre lá dhéag na bainise a gheall Raguéil dá iníon faoi mhionn, chuaigh Tóibias chuige agus dúirt sé leis, “Lig dom imeacht mar is eol dom go gceapann m'athair agus mo mháthair nach bhfeicfidh siad mé go deo. Impím ort anois, a athair, ligean dom imeacht chun go rachaidh mé abhaile go dtí m'athair féin. D'inis mé duit cheana féin cén bhail a bhí air nuair a d'fhág mé é.”

Léigh chaibidil críochnaithe Tóibít 10

Féach ar Tóibít 10:7 i gcomhthéacs