Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 1:5-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Ach d'ofráladh mo ghaolta uile mar aon le teaghlach mo shinsir Naftáilí íobairtí don lao úd, a rinne Iarobám, rí Iosrael, i nDán, ar shléibhte uile na Gailíle.

6. I dtaca liom féin de, théinn go minic i m'aonar go dtí Iarúsailéim ar na féilte faoi mar atá sé leagtha amach d'Iosrael go léir i reacht síoraí. Bhrostaínn liom go dtí Iarúsailéim le céadtorthaí na talún agus an tréada mar aon le deachú an eallaigh agus le céadlomadh na gcaorach.

7. Thugainn iad do na sagairt de shliocht Árón le haghaidh na haltóra agus bhronnainn deachúna an fhíona agus an arbhair agus na hola olóige agus na bpomagránaití agus na dtorthaí eile ar na Léivítigh a bhíodh ag freastal in Iarúsailéim. Ar feadh sé bliana mhalartaínn an dara deachú ar airgead agus d'imínn go dtí Iarúsailéim in aghaidh na bliana chun é a dháileadh amach.

8. Thugainn é do na dílleachtaí agus do na baintreacha agus do na hiompaithigh a chónaíodh i measc na nIosraelach; is amhlaidh a bheirinn liom é gach tríú bliain chun é a roinnt orthu. Bhíodh cóisir againn ansin de réir an reachta atá leagtha amach i ndlí Mhaois agus de réir na n‑aitheanta a thug Deabórá, máthair ár seanathar Hanainiéil, dúinn; óir cailleadh m'athair agus fágadh i mo dhílleachta mé.

9. Nuair a tháinig mé in aois fir, phós mé bean dár gcine féin darbh ainm Anna; rug sí mac dom agus thug mé Tóibias mar ainm air.

10. Tar éis na díbeartha chun na hAsaíre tháinig mé i mo chime cogaidh go Nínivé. D'itheadh mo ghaolta agus mo chomhthírigh uile bia na bpágánach

11. ach thug mise togha an aireachais nach n‑íosfainn a leithéid de bhia.

Léigh chaibidil críochnaithe Tóibít 1