Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 8:5-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Ná bíodh drochmheas agat ar an té atá ag iompú ón bpeaca;cuimhnigh go bhfuilimid go léir ciontach.

6. Ná tarcaisnigh duine ina sheanaois,mar tá cuid againn féin ag dul san aois.

7. Ná cuireadh bás duine áthas ort;cuimhnigh go bhfuil an bás i ndán dúinn go léir.

8. Ná tabhair neamhaird ar chaint na saoithe,ach bí taitheach ar a seanfhocail;óir gheobhaidh tú teagasc uathuagus foghlaim le freastal ar dhaoine tábhachtacha.

9. Ná bíodh beagmheas agat ar ráite na sean,óir d'fhoghlaim siadsan óna sinsir;gheobhaidh tú críonnacht uathusan,agus eolas ar conas freagra a thabhairt go tráthúil.

10. Ná hadhain gualach an pheacaighle heagla go ndófá thú féin ina lasair.

11. Ná bítear ag spochadh asat i láthair dhuine uallaighchun nach ndéanfadh sé mar a bheadh luíochán ar do bhriathra.

12. Ná tabhair iasacht do dhuine is láidre ná thú,agus má thugann tú iasacht, glac leis go bhfuil tú thíos leis.

13. Ná téigh i mbannaí thar do chumas,ach má théann tú i mbannaí bí ar an tuiscint go gcaithfidh tú íoc.

14. Ná téigh chun dlí le breitheamh,óir tabharfar an bhreith ina fhabhar de réir a sheasaimh.

15. Ná téigh ar aistear i gcuideachta dhuine bhaoth,d'fhonn nach mbeadh sé ina cheataí duit;óir déanfaidh seisean de réir a thola,agus de bharr a bhaoise scriosfar thú mar aon leis.

16. Ná bí ag achrann le fear drochmhianaigh,agus ná taisteal leis tríd an bhfásach;óir ní aon ní fuil ina shúilesean,agus leagfaidh sé ar lár thú mar nach bhfuil cabhair ar fáil.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 8