1. Ná déan olc, agus ní bhainfidh olc duit.
2. Seachain an urchóid, agus casfaidh sí i leataobh uait.
3. A mhic, ná cuir síol i gclaiseanna na héagóra,agus ní bhainfidh tú a fhómhar faoi seacht.
4. Ná loirg tosaíocht ón Tiarna,ná cathaoir ná honóra ón rí.
5. Ná bí ag maíomh as d'fhíréantacht os comhair an Tiarna,ná as d'eagna i láthair an rí.
6. Ná bí ag iarraidh a bheith i do bhreitheamh,le heagla nach bhféadfá an éagóir a scrios,agus go mbeadh lé agat le duine cumhachtach,agus go gcuirfeá smál ar d'ionracas.
7. Ná déan coir in aghaidh na coitiantachta,agus ná hísligh thú féin i súile an phobail.
8. Ná mealltar chun peaca faoi dhó thú,óir ní thabharfaidh tú na cosa leat ón bpionós ar son aon chinn amháin.
9. Ná habair: “Tabharfaidh [Dia] aird ar líon mo thíolacthaí,agus nuair a dhéanfaidh mé íobairt don Té is Airde, glacfaidh sé liom.”
10. Ná bíodh lagmhisneach ort i mbun d'urnaí,agus ná déan faillí sa déirc.
11. Ná déan ceap magaidh den té atá searbh ina chroí,óir tá neach ann a íslíonn agus a uaislíonn.
12. Ná beartaigh bréag in aghaidh do dhearthár,agus ná déan a leithéid in aghaidh do charad.