Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 6:24-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. Cuir do chosa ina laincisí,agus do mhuineál faoina cuing.

25. Cuir do ghualainn fúithi agus iompair í;agus ná bí ag tarraingt in aghaidh a srianta.

26. Tar chuici le lánchroí,agus cloígh lena cosáin le lán do nirt.

27. Déan í a thóraíocht agus a lorg, agus cuirfidh tú aithne uirthi;agus nuair a gheobhaidh tú greim uirthi, ná lig uait í.

28. Faoi dheireadh gheobhaidh tú suaimhneas inti,agus déanfar í a chlaochlú in aoibhneas duitse.

29. Beidh a laincisí ansin mar dhídean dhaingean agat,agus a ceanrach mar éide ghlórmhar.

30. Libhré óir atá uirthi,agus ribín gorm a srianta.

31. Caithfidh tú í mar a dhéanfá éide ghlórmhar,agus cuirfidh tú ar do cheann í, mar a dhéanfá coróin áthais.

32. Más mian leat é, déanfar thú a theagasc, a mhic,agus má chuireann tú chuige beidh tú ildánach.

33. Más breá leat bheith ag éisteacht, beidh foghlaim ortagus má bhíonn cluas le héisteacht ort, beidh tú eagnaí.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 6