22. Óir tá an eagna de réir a hainm,agus ní léir dá lán í.
23. Éist, a mhic, agus glac le mo bhreith,agus ná diúltaigh do mo chomhairle;
24. Cuir do chosa ina laincisí,agus do mhuineál faoina cuing.
25. Cuir do ghualainn fúithi agus iompair í;agus ná bí ag tarraingt in aghaidh a srianta.
26. Tar chuici le lánchroí,agus cloígh lena cosáin le lán do nirt.
27. Déan í a thóraíocht agus a lorg, agus cuirfidh tú aithne uirthi;agus nuair a gheobhaidh tú greim uirthi, ná lig uait í.
28. Faoi dheireadh gheobhaidh tú suaimhneas inti,agus déanfar í a chlaochlú in aoibhneas duitse.
29. Beidh a laincisí ansin mar dhídean dhaingean agat,agus a ceanrach mar éide ghlórmhar.
30. Libhré óir atá uirthi,agus ribín gorm a srianta.
31. Caithfidh tú í mar a dhéanfá éide ghlórmhar,agus cuirfidh tú ar do cheann í, mar a dhéanfá coróin áthais.
32. Más mian leat é, déanfar thú a theagasc, a mhic,agus má chuireann tú chuige beidh tú ildánach.