Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 50:3-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Lena linn tochladh sistéal d'uisce,taiscumar a raibh a thimpeall mór mar an fharraige.

4. Le hintinn a mhuintir a fhuascailt ó dhíothú,dhaingnigh sé an chathair le léigear a sheasamh.

5. Nár thaibhseach a bhíodh sé agus an pobal ina thimpeall,agus é ag teacht amach ó shanctóir an bhrait.

6. Mar réalta na maidine i measc na scamall,mar an ghealach agus an ré lán;

7. Mar an ghrian ag taitneamh ar Theampall an té is Airde,mar an bogha síne ag glioscarnach i néalta glóire.

8. Mar rósanna i laethanta na gcéadtorthaí,mar lilí le hais thobar uisce,mar phéac glas na Liobáine in aimsir bhrothaill;

9. Mar thine agus túis sa túisteán,mar áras d'ór ceardfaoi ornáid de chlocha lómhara de gach sórt;

10. Mar chrann ológ ag sceitheadh a thoraidh,mar chufróg ag éirí chun na néalta.

11. Nuair a chuireadh sé air féin a éide ghlóireagus a ghléasadh sé é féin le barr maise,agus a ghabhadh suas ar an altóir bheannaithe,agus a líonadh sé cúirt an tsanctóra lena ghlóir,

12. Agus a gheibheadh sé na míreanna ó lámha na sagart,agus é ina sheasamh ag teallach na haltóra,agus coróin dá bhráithre ina thimpeall,ba gheall é le céadar óg sa Liobáin,agus iad ina thimpeall mar a bheadh stocanna pailme.

13. Nuair a sheasadh clann uile Árón ina nglóiragus ofrálacha an Tiarna ina lámha,os comhair chomhthionól Iosrael go léir,

14. Agus eisean ag cur críoch leis an tseirbhís ag na haltóirí,agus ag cóiriú na híobartha don Té is Airde, an tUilechumhachtach,

15. Agus ag síneadh a láimhe chun an chupa,agus ag doirteadh ofrála de shú na fíniúna,á doirteadh ag bonna na haltóra,mar íobairt chumhra don Té is Airde, do Rí na nUile.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 50