22. Beannaigí Dia na nUile anois,an té a dhéanann éachtaí i ngach treo,agus a mhórann ár ré ón mbroinn,agus a phléann linn de réir a thrócaire.
23. Go dtuga sé dúinn lúcháir chroí,agus síocháin lenár linnin Iosrael mar a bhí anallód.
24. Go gcuire sé an trócaire inár n‑iontaoibh,agus go bhfuasclaí sé sinn lenár linn.
25. Tá fuath i mo chroí do dhá náisiún,agus ní náisiún an tríú ceann ar aon chor:
26. Áitritheoirí [Shliabh Shaeír] agus na Filistínigh,agus an mhuintir bhaoth atá ag cur fúthu i Seicim.
27. Scríobh mé teagasc ar an eagna agus ar an eolas sa leabhar seo,mise, Íosa mac Shíorach, mac Eileázár ó Iarúsailéim,a dhoirt an eagna go flaithiúil óna chroí.
28. Is beannaithe an té a bhíonn gafa leis na nithe seo,agus a éiríonn eagnaí trína mhachnamh orthu.
29. Má chleachtann sé iad, beidh sé láidir a dhóthain d'aon ghnó,mar gurb é solas an Tiarna a chosán.