Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 50:15-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Agus ag síneadh a láimhe chun an chupa,agus ag doirteadh ofrála de shú na fíniúna,á doirteadh ag bonna na haltóra,mar íobairt chumhra don Té is Airde, do Rí na nUile.

16. Ansin dhéanadh clann Árón liú,agus shéididís na trumpaí de mhiotal líofa;dhéanaidís tormán tréanmar chuimhniú i láthair an té is Airde.

17. Ansin thiteadh an pobal go léir gan mhoill,ar a mbéal is ar a bhfiacla ar an talamhag adhradh a dTiarna,an tUilechumhachtach, Dia Ró-Ard.

18. Mholadh na cantairí é in ard a gcinn,agus ba bhinn é claisceadal a nguthanna,

19. Bhíodh an pobal ag guí chun an Tiarna Ró-Aird,agus iad ag impí i láthair an Trócairigh,nó go mbíodh an clabhsúr ar sheirbhís an Tiarna,agus an liotúirge thart acu.

20. Ansin thagadh sé anuas agus d'ardaíodh a lámhaos cionn comhthionól uile chlann Iosrael,le beannacht an Tiarna a ghuí orthu óna bheola,agus mórtas a dhéanamh as a ainm.

21. Shléachtadh an pobal arís,leis an mbeannacht a ghlacadh ón Te is Airde.

22. Beannaigí Dia na nUile anois,an té a dhéanann éachtaí i ngach treo,agus a mhórann ár ré ón mbroinn,agus a phléann linn de réir a thrócaire.

23. Go dtuga sé dúinn lúcháir chroí,agus síocháin lenár linnin Iosrael mar a bhí anallód.

24. Go gcuire sé an trócaire inár n‑iontaoibh,agus go bhfuasclaí sé sinn lenár linn.

25. Tá fuath i mo chroí do dhá náisiún,agus ní náisiún an tríú ceann ar aon chor:

26. Áitritheoirí [Shliabh Shaeír] agus na Filistínigh,agus an mhuintir bhaoth atá ag cur fúthu i Seicim.

27. Scríobh mé teagasc ar an eagna agus ar an eolas sa leabhar seo,mise, Íosa mac Shíorach, mac Eileázár ó Iarúsailéim,a dhoirt an eagna go flaithiúil óna chroí.

28. Is beannaithe an té a bhíonn gafa leis na nithe seo,agus a éiríonn eagnaí trína mhachnamh orthu.

29. Má chleachtann sé iad, beidh sé láidir a dhóthain d'aon ghnó,mar gurb é solas an Tiarna a chosán.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 50