Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 50:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ba é Simeon an t‑ardsagart, mac Óinias,[ceannasaí a bhráithre, agus bród a mhuintire;]dheisigh sé an Teampall lena linnagus dhaingnigh sé an sanctóir.

2. Leag sé an bonn faoi na ballaí arda dúbailte,agus an balla taca le clos an Teampaill.

3. Lena linn tochladh sistéal d'uisce,taiscumar a raibh a thimpeall mór mar an fharraige.

4. Le hintinn a mhuintir a fhuascailt ó dhíothú,dhaingnigh sé an chathair le léigear a sheasamh.

5. Nár thaibhseach a bhíodh sé agus an pobal ina thimpeall,agus é ag teacht amach ó shanctóir an bhrait.

6. Mar réalta na maidine i measc na scamall,mar an ghealach agus an ré lán;

7. Mar an ghrian ag taitneamh ar Theampall an té is Airde,mar an bogha síne ag glioscarnach i néalta glóire.

8. Mar rósanna i laethanta na gcéadtorthaí,mar lilí le hais thobar uisce,mar phéac glas na Liobáine in aimsir bhrothaill;

9. Mar thine agus túis sa túisteán,mar áras d'ór ceardfaoi ornáid de chlocha lómhara de gach sórt;

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 50