5. Ná bí baothdhochasach i dtaobh an mhaithiúnaissa tslí go ndéanann tú peaca ar pheaca.
6. Ná habair: “Is mór í a thrócaire;maithfidh sé mo pheacaí go léir dom”;óir tá idir thrócaire agus fhearg ag baint leisagus luíonn a chuthach go trom ar na peacaigh.
7. Iompaigh chun an Tiarna gan a thuilleadh moille,ná cuir ar cairde é ó lá go lá;óir tiocfaidh racht feirge ar an Tiarna go tobann,agus díothófar tú go hiomlán lá an díoltais.
8. Ná bíodh do chroí casta agat i maoin choiriúil,óír ní rachaidh sí chun tairbhe duit lá na tubaiste.
9. Ná déan do chaitheadh le gach gaoth,agus ná siúil ar gach casán,(sin é nós an pheacaigh chalaoisigh).
10. Bí seasmhach i do aigne,agus bíodh do bhriathar gan ghuagacht.
11. Tabhair cluas go pras le héisteacht,agus freagair go fadaraíonach.
12. Má thuigeann tú an scéal, tabhair freagra ar do chomharsa;mura dtuigeann, cuir do lámh thar do bhéal.
13. Tagann glóir agus aithis ón gcaint,agus bíonn a theanga ina cheap tuisle ag an duine.
14. Ná bíodh cáil an chúlchainteora ort,agus ná bíodh do theanga ar tinneall mar ghaiste agat;óir bíonn an naire i ndán don ghadaí,agus daorbhreith throm don chalaoiseach.
15. Seachain an t‑ainbheart sa bheag agus sa mhór,agus ná déantar namhaid díot in áit a bheith i do chara;