8. Rinne tú ríthe a ungadh le díoltas a imirt,agus fáithe le bheith ina gcomharbaí ort.
9. Tógadh suas ar neamh thú le tine ghuairneáin,i gcarbad a bhí á tharraingt ag capaill tintrí.
10. Ainmníodh thú sna bagarthaí brátha le teachtchun fearg an Tiarna a mhaolú roimh an rabharta,chun croíthe na n‑aithreacha a iompú i leith a gclainne,agus chun treibheanna Iacóib a athbhunú.
11. Is méanar dóibh siúd a fheicfidh thú,agus iad siúd a chuaigh chun suain sa ghrá,óir mairfimidne beo chomh maith.
12. Folaíodh Éilias i ngaoth ghuairneáin,ach líonadh Eilíseá lena spiorad;i gcaitheamh a shaoil níor fhéad aon rialtóir é a shuaitheadh;ná níor éirígh le haon duine é a chur faoi smacht.
13. Ní raibh aon obair róthrom dó,agus fiú nuair a bhí sé marbh rinne a chorp tairngreacht.
14. Nuair a bhí sé beo, rinne sé éachtaí,agus b'iontach freisin na nithe a rinne sé tar éis a bháis.
15. Dá ainneoin sin ní dhearna an pobal aithríná níor éiríodar as a bpeacaí,nó gur sciobadh ina gcimí óna dtír iad,agus gur scaipeadh iad ar fud an domhain;