4. Nach glórmhar a bhí tú, a Éilias, de bharr na nithe iontacha a rinne tú!an bhfuil ábhar maíte ag aon duine eile mar atá agatsa?
5. Thóg tú duine ó mhairbhagus ó Sheól le briathar an Té is Airde.
6. Rinne tú léirscrios ar rítheagus díothú ar fhir cháiliúla ina leaba tinnis.
7. Chuala tú milleán á chur ort ar Shíonái,agus daorbhreith díoltais á thabhairt ar Horaeb.
8. Rinne tú ríthe a ungadh le díoltas a imirt,agus fáithe le bheith ina gcomharbaí ort.
9. Tógadh suas ar neamh thú le tine ghuairneáin,i gcarbad a bhí á tharraingt ag capaill tintrí.
10. Ainmníodh thú sna bagarthaí brátha le teachtchun fearg an Tiarna a mhaolú roimh an rabharta,chun croíthe na n‑aithreacha a iompú i leith a gclainne,agus chun treibheanna Iacóib a athbhunú.
11. Is méanar dóibh siúd a fheicfidh thú,agus iad siúd a chuaigh chun suain sa ghrá,óir mairfimidne beo chomh maith.
12. Folaíodh Éilias i ngaoth ghuairneáin,ach líonadh Eilíseá lena spiorad;i gcaitheamh a shaoil níor fhéad aon rialtóir é a shuaitheadh;ná níor éirígh le haon duine é a chur faoi smacht.
13. Ní raibh aon obair róthrom dó,agus fiú nuair a bhí sé marbh rinne a chorp tairngreacht.
14. Nuair a bhí sé beo, rinne sé éachtaí,agus b'iontach freisin na nithe a rinne sé tar éis a bháis.
15. Dá ainneoin sin ní dhearna an pobal aithríná níor éiríodar as a bpeacaí,nó gur sciobadh ina gcimí óna dtír iad,agus gur scaipeadh iad ar fud an domhain;
16. Níor fágadh ach beagán den phobal,ach rialtóir acu de theaghlach Dháiví;rinne cuid acu an rud a thaitin [le Dia],ach rinne cuid eile coir ar choir.
17. Dhaingnigh Hiziciá a chathair,agus thug uisce isteach ina lár,rinne sé tollán tríd an gcarraig le hiarann,agus thóg umair don uisce.
18. Rinne Sanaichéiríb ionradh lena linn,agus sheol isteach an príomhchornaire [agus d'imigh leis];d'ardaigh sé a lámh in aghaidh Shíón,agus mhaígh go hard le teann díomais.